Cruthaíonn Mobiun feidhmchláir do ghutháin póca, a bhíonn ag obair trí réimse iomlán na nguthán póca, a bhfuil brandáil ar leith orthu, atá simplí le n-úsáid agus le riaradh agus a chuireann eispéireas custaiméirí dearfach ar fáil.
Tá feidhmchláir Mobiun thar a bheith éasca le n-úsáid agus gach tasc deartha go eirgeanamaíoch, ionas go n-úsáidtear a laghad eochairbhuillí agus is féidir.
Cuireann feidhmchláir Mobiun eispéaras úsáideoirí atá saibhir agus dinimiciúil ar fáil, trí iontráil sonraí agus bailíochtú a úsáid, atá éasca le n-úsáid. Os rud é gur féidir na feidhmchláir a thosú ar an bpointe boise nuair a thosaítear an guthán, is féidir leis an úsáideoir úsáid a bhaint as tionscnaimh agus aischothú fíor-ama.
Bíonn feidhmchláir Mobiun ag feidhmiú ar bhreis is 400 guthán póca agus tacaíonn siad le réimse leathan de thimpeallachtaí oibrithe. Cuirtear tacaíocht ar fáil do ghutháin nua agus cláir nua, ar bhunús leanúnach.
Is féidir go mbeadh brandáil agus íomhá do chomhlachta ar taispeáint go comhsheasmhach ag Mobiun ar na gutháin póca go léir.
Úsáidtear teicneolaíocht criptiúcháin ar fheidhmchláir uile Mobiun, chun sonraí an úsáideora a chosaint ar an nguthán agus le linn an tarchuir chomh maith. Cuireann na feidhmchláir go léir uirlisí smachta cuimsitheacha ar fáil d'iniúchadh agus calaois.
Is féidir gach feidhmchlár de chuid Mobiun a úsáid thar an aer, i dteagmháil le luamhán síntiúsóra.
Ar gach feidhmchlár de chuid Mobiun, tá áiseanna bainistithe cosúil le smachtú leaganacha, nuashonrú uathoibríoch, crochadh agus cur ar ceal an fheidhmchláir. Tá sé éasca riaradh a dhéanamh ar uimhir mhór de fheidhmchláir atá in úsáid.
Déanann Mobiun an iarracht forbartha go léir, ar gach feidhmchlár. Ní gá go ndéanfadh úsáideoir an fheidhmchláir aon iarracht.
Os rud é nach bhfuil aon iarracht forbartha ag teastáil, agus os rud é go bhfuil úsáid éasca i gceist agus cumas acu bainistiú a dhéanamh ar uimhir mhór úsáideoirí, cuireann feidhmchláir Mobiun an costas úinéireachta is ísle ar fáil i gcomparáid le réiteach ar bith eile atá ar fáil sa mhargadh.