Bogearraí feidhmiúla atá deartha do do ghuthán póca, chun tasc ar leith a dhéanamh. D'fhéadfadh an tasc seo a bheith bainteach le hobair nó le fóillíocht agus cuireann sé buntáistí ar leith ar fáil d'úsáideoir an ghutháin póca agus don chomhlacht, atá ag cur an fheidhmchláir ar fáil.
Úsáidtear feidhchláir Mobiun le Teicneolaíocht Thar an Aer (OTA) nó is féidir iad a shuiteáil roimh ré ar aon luamhán nua. Cuirtear teachtaireacht chuig guthán póca do chustaiméara, a iarrann orthu an bhfuil sé/sí ag iarraidh an feidhchlár a fháil. Chomh luath is a ghlactar leis, déantar é a shuiteáil thar an aer agus bíonn sé ar fáil le n-úsáid láithreach bonn. Déantar nuashonrú go huathoibríoch ar fheidhmchláir agus ar shonraí.
Is iad na feidhmchláir is rathúla ná na cinn siúd atá tascdhírithe agus a bhaineann leas as na buntáistí lárnacha a bhaineann le gléas soghluaiste – páirtíocht aonair agus áisiúlacht atá saor ó shuíomh áirithe.
Bíonn seirbhísí WAP ag fulaingt ó chomhéadain úsáideoirí a bhíonn mall agus teoranta. Bíonn go leor méarbhuillí ag teastáil agus go minic bíonn sé costasach le n-úsáid. Bíonn sé deacair úsaid a bhaint astu, do na réitigh ar gá dóibh sonraí nó seirbhísí a bhrú chuig an nguthán. Tá feidhmchláir Mobiun deartha le comhéadain atá oiriúnach d'úsáideoirí agus do ghutháin póca. Bíonn uimhir bheag de mhéarbhuillí i gceist leo, rud a chinntíonn go bhfuil sruth sonraí ann atá slán agus éifeachtach ó thaobh costais de.
I gcás na coda is mó de na forbróirí feidhmchlár, ciallaíonn. Ach cuireann Mobiun clár cumarsáide do fhorbairt feidhmchlár do ghutháin póca ar fáil, a chinntíonn gur féidir feidhmchlár a úsáid ar na luamháin go léir, chomh luath is atá tástáil déanta air, ar ghuthán póca amháin. Tá an chastacht go léir a bhain le forbairt fheidhmchláir na nguthán póca, bainte.
Féach ar an Tábla Comparáide atá iniata.