Cuireann Mobiun feidhmchláir ar fáil do ghutháin póca, atá simplí le n-úsáid, uileláithreach, éifeachtach ó thaobh costais de agus saor ó phriacal.
Is comhlacht príobháideach é Mobiun a chuireann feidhmchláir do ghutháin póca ar fáil don rialtas áitiúil, earnáil na cumarsáide agus na siamsaíochta, chomh maith le comhlachtaí a bhfuil oibríochtaí allamuigh ar siúl acu nó i gcás go bhfuil tábhacht le seirbhís custaiméirí atá tráthúil agus saor ó shuíomh áirithe.
Tá maoiniú fiontair curtha ar fáil do Mobiun ag réimse d'institiúidí príobháideacha agus poiblí araon. Bunaíodh an comhlacht i 2006 agus tá sé á stiúradh ag foireann bhainistíochta le taithí mhaith, a bhfuil cuntas teiste cruthaithe acu i bhforbairt na réiteach bogearraí a bhíonn dírithe ar an gcliant.
Cuireann Mobiun punann de réitigh chliste do ghutháin póca chomh maith le clár cumarsáide agus slándála nuálaíoch, a dhéanann simpliú ar fhorbairt, saincheapadh agus úsáid na bhfeidhmchlár.
Tá a cheanncheathrú i nDún Dealgan in Éirinn agus tá oifigí díolachán aige sa Ríocht Aontaithe agus i SAM.