Ráiteas Príobháideachais

Príobháideachas i gClárú Suim Fostaíochta

Coinneofar aon eolas a chuirfidh tú ar fáil do Mobiun go hiomlán faoi rún. Ní roinnfimid an t-eolas seo le haon tríú páirtí eile.

Eolas a bhíonn bailithe ag ár Suímh go huathoibríoch

Bailíonn ár bhfreastalaithe roinnt eolais nach mbíonn do do aithint go pearsanta, cosúil leis an seoladh IP atá ag do ríomhaire, an cineál freastalaí atá in úsáid agus na leathanaigh ar féachadh orthu, nuair a thugann tú cuairt ar na Suímh atá againn. Úsáidimid an t-eolas seo chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a mbíonn ár gcuairteoirí ag taisteal tríd ár Suímh, chun an t-eispéireas a fheabhsú duitse a fhad is a úsáideann tú ár Suímh agus ionas go mbeidh an t-ábhar a chuirimid ar fáil, chomh luachmhar dár gcuairteoirí agus is féidir. Ní cheanglaímid an t-eolas seo le heolas atá in ann tú a aithint go pearsanta.

Rochtain d'Eolais Phearsanta

Cuirfidh Mobiun rochtain réasúnta ar fáil duit ar an eolas atá in ann tú a aithint go pearsanta gan costas ar bith duitse, taobh istigh de 30 lá ó d'iarratas rochtana. Murar féidir linn rochtain a chur ar fáil taobh istigh den tréimhse 30 lá, inseoimid duit cathain a chuirfimid rochtain ar fáil. Sa chás nach féidir linn rochtain a chur ar fáil duit ar an eolas seo, míneoimid duit cén fáth nach féidir linn é a dhéanamh. Má tá tú ag iarraidh an t-eolas atá in ann tú a aithint go pearsanta a fháil, téigh i dteagmháil linn tríd an ríomhphost ag privacy@mobiun.com