TÁ GACH BARÁNTAS, UIRÍOLL AGUS COINNÍOLL SAINRÁITE DE CHINEÁL AR BITH NÓ TÉARMAÍ EILE ATÁ LUAITE AG REACHT NÓ DLÍ COITEANN, MAIDIR LEIS AN SUÍOMH IDIRLÍON NÓ AN T-EOLAS, NA SONRAÍ NÓ AN T-ÁBHAR NÓ TÁIRGÍ ATÁ SAN ÁIREAMH AR AN SUÍOMH IDIRLÍN SEO, EISIATA GO SAINRÁITE ANSEO CHOMH FADA AGUS IS FÉIDIR DE RÉIR AN DLÍ.
Ní bheidh aon dliteanas ar Mobiun in aon chás maidir le haon damáiste nó cailliúint (más do chailliúint brábúis atá sé nó más rud eile atá i gceist) dhíreach nó indíreach, atá speisialta nó a raibh an comhlacht mar bhunús leis, costais, éilimh, speansais nó aon éileamh eile ar bith ar chúiteamh. Fiú má tharla sé de bharr ghníomhartha, easnaimh nó faillí Mobiun, a fhostaithe nó a ghníomhairí, agus a bhaineann le húsáid an tsuímh idirlín seo, nó an t-eolas, na sonraí, an t-ábhar nó na táirgí atá san áireamh ar an suíomh idirlín seo, ach amháin i gcás báis nó gortú pearsanta a bhí mar thoradh ar fhaillí chruthaithe Mobiun, a fhostaithe nó a ghníomhairí.
Ní ghlacann Mobiun le haon fhreagracht ná dliteanas maidir le rochtain ar nó ábhar ar aon suíomh idirlín atá ceangailte leis an suíomh idirlín seo ná freagracht as aon ábhar atá ar an suíomh idirlín seo a bhfuil an cóipcheart dó in úinéireacht tríú páirtí éigin. Glacann tú leis nach mbeadh aon éileamh agat i gcoinne Mobiun maidir leis na sonraí atá i gceist lena leithéid d'ábhar.
Beidh na téarmaí agus na coinníollacha seo faoi réir dhlí Phoblacht na hÉireann agus géilleann na páirtithe a bheadh i gceist in aon aighneas nó gníomh, do dhlínse eisiach na gcúirteanna i bPoblacht na hÉireann.