Cuireann clár teicneolaíochta Granite™ ag Mobiun, feidhmchláir ar fáil a mbíonn iompraíocht chomhsheasmhach agus iontaofa ag baint leo, chomh maith le nascacht, feidhmíocht agus sobhainistíocht trí réimse iomlán na nguthán póca atá ar fáil sa mhargadh sa lá atá inniu ann.

Tá ceithre chatagóir de chomhpháirteanna i gceist le clár Granite™ ag Mobiun:
Tá feidhmchláir Mobiun bunaithe taobh istigh de thimpeallacht an fhreastalaí agus tá siad curtha ar fáil ag OTA (in éineacht leis an Inneall Luamhán cuí) chuig na gutháin póca cuí.
Tá na hInnill Luamhán suite taobh istigh den timpeallacht ar leith atá ag na gutháin póca, mar shampla : Symbian, Window Mobile, J2ME, DoJa agus timpeallachtaí tionscnaimh OSDL Mobile Linux agus cuireann siad an timpeallacht réiteach chomhsheasmhach ar fáil.
Feidhmíonn na hinnill freastalaithe taobh istigh de thimpeallacht Web 2.0 agus cuireann siad na cumais do bhainistiú agus do chur ar fáil sonraí, ar fáil do na réitigh.
Déanann na seirbhísí nascachta ceangal idir na hinnill Luamhán agus Freastalaithe, chun cumarsáid iontaofa, shlán, inscálaithe agus inoiriúnaithe a chur ar fáil. Is féidir leis an tseirbhís Nascachta roghnú dinimiciúil a dhéanamh idir chumarsáid shoicéadbhunaithe SMS, MMS agus GPRS/3G, do chur ar fáil na n-idirbheart.