Suíomh

Tá an ceanncheathrú do Thaighde agus Forbairt ag Mobiun, ag Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan, áit a bhfuil campas 90 acra ann atá suite idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste (tá an dá áit siúd thart ar 50 míle amach uaidh). Tá fad leathmhíle idir an campas agus príomhbhóthar Bhaile Átha Cliath/Bhéal Feirste agus bíonn turas cairr 3 nóiméad i gceist chuig Mótarbhealach an M1. Nuair a shroichtear Dún Dealgan, castar ar clé ag acomal Xerox. Tá DKIT leathmhíle ar aghaidh ar thaobh na láimhe deise. Tá an tIonad Forbartha Réigiúnach ar thaobh na láimhe clé de réir mar a théitear isteach sa Champas.

Bíonn turas cairr 40 nóiméad ann go dtí Aerfort Átha Cliath. Téann an t-iarnród idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste trí Dhún Dealgan agus bíonn siúlóid de thart ar 12 nóiméad ann idir Stáisiún Uí Chléirigh i nDún Dealgan agus an Campas. Bíonn busanna ag taisteal go Dún Dealgan ó gach príomhbhaile sa Réigiún.